GAA: Founding a Movement
Episodes

2 days ago
2 days ago
Podchraoladh nua CLG ina acmhainn thráthúil do dhaltaí Ardteiste agus do lucht staire araon
Seoladh podchraoladh nua a dhíríonn ar bhlianta corracha tosaigh Chumann Lúthchleas Gael.
Díríonn CLG: Gluaiseacht á cur ar bun ar an tréimhse idir 1884 agus 1891 agus tá sé á chur ar fáil mar phodchraoladh uair an chloig i mBéarla agus i nGaeilge.
Déanann staraithe agus múinteoirí aitheanta plé ar an gcúlra sóisialta agus polaitiúil a bhain le bunú Chumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884. Pléitear an bhéim a bhí ar lúthchleasaíocht agus pléitear na fórsaí agus na daoine siúd a mhúnlaigh an Cumann le linn na mblianta tosaigh, blianta a bhí dúshlánach agus casta. Luaitear coimhlintí cumhachta agus easaontais inmheánacha a thit amach ag am a bhí an Cumann ag iarraidh a áit a dhaingniú i saol na hÉireann.
Comhpháirtíocht atá sa phodchraoladh seo idir Ionad Tacaíochta Oideachais Dhroim Conrach, Coiste Staire CLG agus Rannóg Cumarsáide CLG. Acmhainn thráthúil atá ann dar ndóigh nuair a thugtar san áireamh go bhfuil an tréimhse seo mar chás-staidéar éigeantach ar churaclam staire na hArdteistiméireachta do 2026 agus 2027.
Beidh acmhainní agus ceardlanna breise ar fáil mar chuid den phodchraoladh seo, freisin, a chabhróidh le múinteoirí agus le daltaí.

2 days ago
2 days ago
The GAA: Founding a Movement is a new podcast that examines the background to the formation of the GAA in 1884 and looks at the forces and people who shaped it during its difficult and challenging early years up to 1891 as it sought to assert itself in Irish life.








